Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 285
- XML “Cruachán, Sail agus Dail agus an tAonbhean”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Triúir gaiscidheach a mhair in Íarthar an Cláir láimh le Ceann Léime anallód. Bhí dún no cathair ag gach duine aca- drithéaracha ab'ead íad. Tá áiteanna ainmneacha uatha sa ndúthaigh sin go dtí an lá indiú. (Dún Dailinn agus Cathair Cruachain). Bhí aon drifiúr amháin aca "An tAonbhean". Clú agus Cáil uirthí ar áilneacht a pearsan agus uaisleacht a aigne. Comhnaigh sí in aice le Ceann Léime agus bhí Dún an triúir Scaipithe ar an gcaol talún ón Sionainn go dtí an tAtlantach chun a cosaint. Cómh maith leis sin bhí Nathair Nimhe amuigh sa bfairrge le n-a cosaint freisin.Tháinig triúr fathach ó thuaisceart an Cláir , Ruadhan, Stuipín agus Ceannur ag tógail creice ó muinntir na háite seo. D'iarr muinntir an íarthar cabhair ar Cruachán, Sail agus Dail. Tugadh dóibh í agus chuadar ar thóir na bhfathach.Le na linn sin bhí Laoch i gCiarraighe den leith-theas den Sionainn a thug grádh a chroidhe don "Aon Bhean" agus ba mhaith leis í do fhuadach acht níor fhéadh sé le na drithearacha. Chuaidh sé i gcomhairle le ban draoi agus thug sí comhairle a leasa dó. Dubhairt sí leis go raibh caoi maith aige an trad sin chuige mar go raibh an triúr gaiscidheach imtighthe . Thug sí coinneal a bhí ar lasadh dó- an fhad a leanfadh sé ar lasadh níor baoghal do an Nathair nimhe. Acht ar eagla a mhuchta thug sí liathróid dó a mharbhóchadh an nathair nimhe acht í do bualadh leí.D'imtigh an gaiscidheach agus d'éirigh leis teacht in gar do Ceann Léime. Chonnaic an N. Nimhe é agus d'ionnsuigh sé é. D'éag an coinneal an nóimead sin acht d'éirigh leis an nathair nimhe do bualadh leis an liathróid agus marbhuigeadh i lom láithreach. D'éirigh leis an laoch an tAonBhean do fuadach. Nuair d'fill an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Dannie Mc Inerney
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Smith (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir