Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)4. Bhí sagart ag dul go dtí tigh feirmeora leis an "stations". Tháinig sé go dtí gleann a raibh tuile ann agus ní bhfuigheadh sé dul treasna. Tháinig fear agus dubhairt sé go dtabharfadh sé an sagart treasna ar a dhrom. Nuair a bhíodar ag dul treasna dubhairt an fear go n-inneosadh sé a fhaoisdín do anois. Dubhairt an sagart leis é dhéanamh. Nuair d'airigh an sagart na peacaí móra dubhairt sé, "Tá an diabhal thiar ort". "Má tá, is gairid a bheidh", ars an fear ag caitheamh an tsagairt de'n a dhrom amach sa tuile.5. An sagart-pharóiste i gCaisleán Nua, bhí sé in a chomhnuidhe 'san mBán Árd.
Bhí coca beag féir aige gairid do gleann beag atá ann. An lá so bhí gabhar in áirde ar an gcoca agus é ag ithe ar a dhicheall. Tháinig an tuile sa gleann agus scuab sé an coca. Nuair a chonnaic an sagart é ag imtheacht dubhairt sé", Pé'r domhain áit a raghaidh an coca, go n-imthighidh an diabhal leis an "Jockey". 6. Tháinig fear ó Cae. Luimnigh go dtí Aonach an Ghleanna in aice le Cill tSíolán. Bhí sé i bhfad ann sa lá agus ní raibh an troid tar éis tosnú. "Tá an lá ag imtheacht agus gan dada á dhéanamh" arsa sé. Ba ghairid gur eirigh an-bhualadh ar fad idir an dá thaobh "Carabhait agus Seana-bhest" agus bhí an fear istigh in a lár ag bualadh leis. D'iompuigh fear air agus d'iarr sé air cia'cu taobh bhí se ag cur leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Ruaidhrí Ó Riain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Mhac Cairbre, Co. Phort Láirge