Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 254](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0656%2FCBES_0656_254.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 254
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar taobh thiar díot?" arsa Conán leis an bhfear eile.
Dhearc sé siar agus nuair a dhearc sé do léim Conán agus do bhuail sé le n-a chlaidheamh sa mhuinéal é agus bhain sé an ceann de.
Nuair a chas Conán do dtí a champa féin bhí bean draoidheacht ann agus dubhairt sí, "Mo naire, a Chonáin, thug tú náire dhúinn".
Bhí suidheachán agus chuir sí draoidheacht sa suidheachán agus dubhairt sé le Conán luighe síos air. Do luigh Conán ar a dhrom air agus nuair a shíl sé eirighe dhe d'fhág sé feoil agus croiceann a dhroma sáithte de'n suidheachán.
Bhí caora marbh freiseálta ann agus bhain an bhean an croiceann de'n caoirigh. Chuir sí ar dhrom Chonáin é in áit a chroiceann féin.
D'fhás an olann air agus caithtí é bhearradh gach aon bhliadhain.- Faisnéiseoir
- R. Ó Riain