Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- XML Leathanach 266
- XML “An Tobar Beannaithe i mBán Fionn”
- XML “Tobar Beannaithe Chill Rónáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tobar Beannuithe i mBán Fionn
Tá an tobar seo in aice le bóthar Chluain Meala ar an dtaobh thiar thuaidh ó'n scoil. Tugtar "Tobar na Naomh" air. Do théigheidh na daoine ann gach Aoine.
Do leighiseadh súile tinne, cosa tinne agus mar sin ann agus aicídí neirbhis leis. Do nightí an ball tinn leis an uisce, do shiubhailtí timcheall an tobair seacht n-uaire agus deirtí an Coróinn Muire dhá uair. Do théightí go dtí an tobar ceithre Aointe in dhiaidh a chéile.Tobar Beannuithe Chill Ronáin
Tá an tobar seo in aice na reilige. Tá falla mór-timcheall air agus tá crois ós a chionn.
Bhí fear in a chómhnuidhe sa pharróiste seo tamall ó shoin. Bhí súile tinne aige. Do thug sé cuairt ar an tobar ceithre h-uaire agus gach uair a chuaidh sé ann do nigh sé a shúile leis an uisce agus do ghuidh sé. Ar an ceathrú cuairt do leighiseadh a shúile. Do théigheadh sé go dtí an tobar gach Céadaoin i mí na Bealtaine.
Tá Fothraca na h-Eaglaise Parróiste in aice an tobair. Ba é príomh-eaglais sa pharróiste séo é fadó. - An Tobar Beannuithe i mBán Fionn
Tá an tobar seo in aice le bóthar Chluain Meala ar an dtaobh thuaidh ó'n scoil. Tugtar "Tobar na Naomh" air. Do théigheidh na daoine ann gach Aoine.
Do leighiseadh súile tinne, cosa tinne agus mar sin ann agus aicídí neirbhís leis. Do nightí an ball tinn leis an uisce, do shiubhailtí timcheall an tobair seacht n-uaire agus deirtí an Coróinn Muire dhá uair. Do théightí go dtí an tobar ceithre Aointe in dhiaidh a chéile.Tobar Beannuithe Chill Ronáin
Tá an tobar seo in aice na reilige. Tá falla mór-timcheall air agus tá crois ós a chionn.
Bhí fear in a chómhnuidhe sa pharróiste seo tamall ó shoin. Bhí súile tinne aige. Do thug sé cuairt ar an tobar ceithre h-uaire agus gach uair a chuaidh se ann do nigh sé a shúile leis an uisce agus do ghuidh sé. Ar an ceathrú cuairt do leighiseadh a shúile. Do théigheadh sé go dtí an tobar gach Ceadaoin i mí na Bealtaine.
Tá Fothracha na h-Eaglaise Parróiste in aice an tobair. Ba é príomh-eaglais sa pharróiste seo é fadó.- Faisnéiseoir
- Tomás Inglis
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sailchín, Co. Phort Láirge