Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)8. Bhí bean ann fadó agus bhí leath-amadán de mac aici. Bhí an-chuid chíosa rithte ar an tigh aici agis bhí an tiarna gach aon lá ag lorg an cíosa uirthi.
Tháinigh an tiarna an lá seo agus mharbhuig sí é agus chuir sí féin agus an mac an tiarna san gáirdín.
Nuair a bhí an leath-amadán ina codladh an oíche sin, d'aistrigh sí an tiarna go dtí poll eile, do mharbhuig só gabhar agus chuir sí sa pholl a thóg sí an tiarna as é.
Tháinigh mac an tiarna ag lorg a athair, chonaic sé an leath-amadán agus d'fhiafraigh sé de an bhfeaca sé a athair.
Dúirt an leath-amadán go raibh sé curtha amuigh san gháirdín gur chuir sé féin is a mháthair ann é tar éis é marbhú.
"Teaspán dom cá bhfuil sé curtha" arsa an mac.
Fuair an leath-amadán rámhann agus chuaidh sé féin is an mac go dtí an gáirdín. Romhair sé suas an poll nó gur tháinigh sé go dtí ceann an gabhair. "An raibh adharca ar do athair?" arsa seisean. "Adharca fada ortsa" arsa mac an tiarna "dar ndóigh ní tú amadán ar mise".Aoinne a thugann a bheag nó a mhór dúinn
Go dtógaidh Dia suas é.
Aoinne ná tugann a bheag nó a mhór dúinn
Go leagaidh an diabhal anuas é.