Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na MucaCoimeadann gach feirmeoir sa pharróiste muca. Bíonn na muca i gcró na muc, is maith leo bheith ag ithe agus bheith in a luighe ins an laithigh nuair a bhíonn an aimsear te.
Tugtar collach ar an athair, cráin ar an máthair agus banbh ar an leanbh.
Tugtar céis ar banbh a bheadh trí nó ceithre míosa d'aois.
Tugann an cráin bainne des na banbhaí nuair a bhíonn siad an-óg. Nuair a fhásann siad suas tugann an feirmeoir bainne agus min-bhuidhe dóibh.
Is minic a bhíonn banbh beag lag ar an ál, bhíonn na banbhaí eile ró-láidir do agus ní bhfaigheann sé aon bhainne ó'n a mhathair.
Tugtar an leiceachán ar an banbh sin.
Tugann an feirmeoir isteach é, cuireann sé in aice na teine é, tugann sé bainne te dóibh as buídéal.