Scoil: Láithreach

Suíomh:
Láithreach, Co. Mhuineacháin
Múinteoir:
Mrs Duffy
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0939, Leathanach 127

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0939, Leathanach 127

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Láithreach
  2. XML Leathanach 127
  3. XML “Scéal - Páid, Siubhan agus an Ministéir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Scéul,- Páid, Suibhan 7 an Ministéir.
    Bhi fear agus a bhean in a gcomhnaidhe i gConndae Ardmacha ar bh'ainm dóibhtha Páid agus Suibhan. Bhi dha acra talmhan aca dha ghabhair 7 muc amháin. Bhiodar an-bhoct, chomh bocht sin nach rabhadar in ann a gcíos d'íoch. Lá amháin tháinig an Tighearna Talmhan chuca agus dubhairt sé leobhtha mura ndíolfadh siad a gcíos go gcuirfeadh sé amach ar a' bhothar iad.
    Cha raibh fhios aca caide do b'fhearr doibhta a' dhéanamh. Ar dhoigh ar bith chuaidh Páid chuig an aonach lá an n-a bharach leis an mhuc a' dhíol. d'eirigh and lá fliuc 7 chuir Suibhan teine mhaith síos 'sa' thathnóna.
    i gceann tamaill tháinig cos chuig an doras; rhith Suibhan chuige 7 d'fhoscail si e. "O, a Pháid tá tu báidhte" adeir sí, acht cé bhi ann acht ministeir "Beirfidh mé cúig punta duit acht tabhair loistín go maidin dom" arsa seisean. "Geoghaidh tu sin agus fáilte" arsa Suibhan. Leis sin tháinig sé isteach agus shuidh sé ag an teinidh.
    Char bhfada go dtáinig cos eile chuig an doras "Seo Páid" arsa Suibhan; "O, ars' an Ministeir "cha bhionn mise annseo le bean fir eile." "Luigh ins an chomhra sin" arsa Buibhán. "Tá go maith" ar seisean.
    Annsin rith Suibhán thuig an doras. "O a Pháid tá tu baidhte" ar sise. "Tá, ceart go leór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1536B: The Three Hunchback Brothers Drowned
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Bean Uí Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Peadar Ua Cumascaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Tuaisceart, Co. Mhuineacháin