Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Suíomh:
- Coill Chláráin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Ó Muineóg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Spáinn agus nuair bhí sé ann do mharbh sé Spáineach i gcomhrach beirte.Do lean mac na Spáineach go h-Éirinn é agus casadh ar a chéile iad ag Geata Bán taobh thoir dé Co. an Chláir agus bagairt mac na Spáineach é agus bhí comhrach beirte eile eathorra agus do mhairbh Fireball an Spáineach.Deirtí go raibh morán áithmhéala ag Fireball an rud sin a dhéanamh acht ní raibh aon leigheas aige air.Tar éis an troda do chas sé fear darbh ainm Drew idir Geata Bán agus Scairbh. Dúbhairt sé leis go raibh fear marbh i bpáirc i n-aice Geata Bán. D'órduigh sé é an t-airgead a bhí ag an Spáinneach do thógaint agus é do choiméad agus an Spáineach féin do chuir i n-áit éigin.Do dhein Drew an obair sin agus ni raibh aon comhrach beirte eile aige. Do cheannuigh Drew píosa talmhan lámh dheis den mbóthar i n-aice Tighe na mBocht idir Scairbh agus Toma Gréine leis an airgead.Deirtear nach raibh t-adh aige san áit san agus do dhíol sé é agus ní raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Donncha Ó Muineóg
- Inscne
- Fireann