Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Suíomh:
- Coill Chláráin, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ss. Ó Muineóg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá sean-Reilig í bparóiste Fiachaill. Ní chuireadh aon duine ann ó am gorta. I rith an treimhse sin bhí na daoine an bhocht agus bhíodar ag faghail bháis leis an ocras agus fiabhras.San-tam sin ní raibh aon torramh na sochraidh no costa na marbh ag na daoinibh marbh.Ní raibh aon chofra san bparóiste seo ar na daoinibh bochta acht aon cofra amhain. Bhí sé de dhéanta de phobail adhmuid agus bhí sé gan tón.Do dhéan Tadhg O Muineog an cofra sin. Saghas bosca do' b'eadh é. Bhí an tón ceangailte d'on dtaobh de dhá bhacán. Ceangaladh dhá phiosa adhmuid treasna bun an chofra. Cuirtí greim daingean ortha don taobh eile. Nuair a bheadh an duine marbh leis an ocras cuirthí an duine marabh isteach san gcofra sin, agus iompuightí do'n gCnoch na Leacht é. DéantaoÍ uaig. Ceangaltaoi an cofra os cionn an uaig sin. Buailti tón an cofra. Tuittí an chorp isteach san uaigh. Bhí a lá daoine curtha ar an gcuma sin ar an gcnuich san. Am uathbhasach sin.Bhí P. V. Mac Donachadha in a dochtúir i bparóiste Fiacail ag tabhairt aire dos na daoine marbh. Bhí sé tógtha do'n ól ón am sin go dtí lá a bháis mar gheall ar na radhairc a chonnaic sé an t-am sin.Tá Cnoc na Leachta suidhte timcheall dhá chéad slat(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chathair, Co. an Chláir