Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Loch an choire dhubh”. Báisteadh an t-ainm sin air mar tá cnuic mhóra dubha thart air.
“Loch an chore laoth”. Glaodhadh an t-ainm sin air mar gheall air go bhfuil [chuic]? laotha thart air.
“Loc na sligeán dhuibh”. Tugadh an t-ainm sin air mar tá go leór sligeán dubha ann.
“Loc árd”. Bháist na seandaoine an t-ainm sin air mar tá sé go h-árd ar thaobh chnuic.
“Loc na gcaora”. Chuala mé seanduine ag rádh gur an fáth a tugadh an t-ainm sin air mar báitheadh go leór caoraigh ann fadó.
“Loc garraid an caotrann”. Báisteadh an t-ainm sin air mar gheall ar go bhfuil sé i lán garraidhe agus go bhfuil go leór crann chaothranna thart air.
“Loc camh”. Glaodhadh an t-ainm sin air mar tá sé camh.
“Loch na gCarraigeacha móra”. Tugadh an t-ainm sin air mar tá go leor carraigheacha móra thart air.
“Loch an choire mhóir”. Is é an fáth a báisteadh an t-ainm sin air mar tá chnuic mhóra thart air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomas Ó Ceamarcaig
- Inscne
- Fireann