Scoil: An Corrán/Currane (uimhir rolla 16295)

Suíomh:
An Corrán, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál P. Ó Gallachobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086B, Leathanach 14_002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086B, Leathanach 14_002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Corrán/Currane
  2. XML Leathanach 14_002
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Freagra: - Míol Mór. Nuair a bhí Gonas agus na daoine a bhí leis ag dul go dtí áit eicínt thar an fairrge uair amháin déirigh stoirm mhór. Bhí faitchíos ar na daoine agus chaith siad creann agus tháinig sé ar Gonas agus chaith siad Gonas isteach ins an fairrge agus shlog iasc mór síar é agus nuair a bhí Gonas trí lá imbolg an éisg. Chaith an tiasg amach ar an talamh é slán sábháilte agus sin é an fáth a rugadh gan anam é agus a fuair bhás gan anam agus bhí anam ann.
    6. Tá sé sa mhóin-fhéar agus ní baintear é tá sé sa siopa agus ní dhíoltar é tá sé san uisge agus ní bhaidhtean é.
    Freagra: - Solas na Gréine.
    7. Feicim-sá é, agus ní fheiceann tusa é agus is goire dhuit-sa é na domsa.
    Freagra: - Cul do chinn.
    8. Níl sé amuigh ort níl sé istigh ort. Acht tá sé ort agus ní trom leath é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Móráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cnoc na Ceasach, Co. Mhaigh Eo