Scoil: An Corrán/Currane (uimhir rolla 16295)
- Suíomh:
- An Corrán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál P. Ó Gallachobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086B, Leathanach 25_005](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0086B%2FCBES_0086B_25%2FCBES_0086B_25_005.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0086B, Leathanach 25_005
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Corrán/Currane
- XML Leathanach 25_005
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíonn sé sa siopa agus ní díoltar é bíonn sé san abhann agus ní baidthear é.
Freagra:- An ghrían.
Tháinig sé isteach ar ghuailnibh daoine agus chuaidh sé amach mar snáithín síoda.
Freagra:- Móin.
Uisge guirt gan salann gan sáile.
Freagra:-Deóireacha do shúil.
Cé mhéad chos ar ucht muilt.
Freagra:- Dhá chois.
Déirigh bean in a seasamh ar bhárr an chnuic agus dhearc sí siar. Bhuail sí snaidhm ar chinn dá cosaí agus mairfidh sí na ceadtaí blaidhan.
Freagra:- An ghrían.
Cé'n chuid is aoirde dhe'n bhó.
Freagra:- A géim.
Feicim-sa é agus ní fheiceann tusa é agus is goire dhuit-sa é ná dhom-sa
Freagra:- Cúl do chinn.
Níl se amuigh ort, níl sé istigh ort, aghus is(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Gallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc na Ceasach, Co. Mhaigh Eo