Scoil: Bun Machan
- Múinteoir: Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mo scéal atá ann i dtaobh Ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis, nuair a bhí sé ina fear óg agus é sa saol seo. Seo thíos ceann acu :-
Bhí Dia is a mháthair ag siúl an bóthar droch lá fliuch agus casadh fear a bhí ar meisce ortha. D'iarr sé cabhair ar Dia. Thug Ár dTiarna scilling dó. Casadh fear bocht eile ortha. Bhí sé bacach agus gan é ábalta bheith ag siúl. Bhí deallramh na h-aingeise ar an gcréatúr seo, bhí aghaidh bán air is bhí a chuid éadaig salach strachaithe. D'iarr sé cabhair ó Dhia ach má iarr, ní fuair sé é. "Nach ait an rud a dhein tú, a Mhic" arsan Mhaighdean Mhuire. "Thug tú airgead dó san a bhí ar meisce ach an créatúr bocht a bhí bacach níor thug tú dada dó". "Fan go fóill a Mháthair" arsa Ár dTiarna "siúl an bóthar". Do shiúladar. Ar a slí teacht thar n-ais dóibh casadh an fear bocht bacach ortha ar thaobh an bhóthair agus é tar éis bháis. Fuair Ár dTiarna anonn chuige. D'oscail sé brollach an fhir sin is tharraing sé amach máilín agus é lán d'ór. "A Mháthair" arsa Ár dTiarna "bhí sé sin ag déanamh naoimh dá chuid airgid; níor thrácht sé riamh ar m'ainm ná ar t'ainm ach oiread. An fear eile, cé gur minic a bhíonn ar meisce bíonn sé go minic ag guí chun Dé agus chun a mháthair. As an scéal seo a tháinigh an s-sean-rá seo.- Bailitheoir
- Íde Chobhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Baile Uí Loingsigh, Co. Phort Láirge