Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 403
- XML “Seanamhrán Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán Eile
“Cailín bocht buadhartha mé, agus ghluais mé fan choill.”
Sean Amhran eile.
Fuair mé an t-amhran seo ó Éamonn Ódómhnaill, as Na Brocachaí, i Clochan Liath. Paiste Scoile atá ann. Tá sé 14 bl. Fuair seisean é ó Nóra Ní Dhubhthaigh as Ucht Mín, i gClochan Liath, bean féirmeóra. Tá sí .40 bl d’aois. Chaith sí a saoghal annseo. (Scriobhtha annseo Samhain 1936)
I
Cailín bocht buadhartha mé, agus ghluais mé fan choill.
Baint beirtín de luachair da b’fhearr da rabh ann.
Ó tharla orm an Gruagach da ba chruaidhe de buachallí donn.
Rug sé ‘níos ‘s ‘nuas orm agus bhain sé dom póg.
II
“Ca bhfuil do chuid fiadhnaise, A Chailín Deas óig”?
“Mise gus an dreóilín ‘s mé go ceólmhar fan tom.
Focal bréige ma gnídhimse go gcaillfidh mé an ceann
Thainig focal as a bhéal deas, ‘Ó, Ealaigh is bí liom”.
III
Tá fóghmhar na bliana seo dhul i neádan na mban óg.
Ní h-iad na fir atá da n-iarraidh, acht iad féin atá dúl leo.
B’fhearr liom cailín céillidhe a shiúbhalfadh liom an ród,
Na an deibhleán gan réasún teacht aníar le na cuid bó.
IV
Ó, nach meánra do na h-eanlaith údaí a éirigheas go h-árd.
Is chualas arís íad ar an chraobh amháin.
Ní hé sin mar damhsa is mo chéad mhíle ghrádh
Is fada, is fada go n-Éireachaidh an lá.- Bailitheoir
- Éamann Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall