Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Tóiteáin
- XML Leathanach 409
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal eile (gan ciall.)
Stócach óg a bhí ag na leas-mhathair agus chuir sí faoi gheasa é. Rinn sí capall bán do a’ chead uair go n-íosfad sé fríd na pairceannaibh na go bhfuighiadh sé amach an laoigh aonuigheacht na an iní sgéalaidheacht. Bhí sé fríd na pairceannaibh na gur thóg sé trí searraigh agus i ndeireadh an ama seo thainig sé chuici arais agus chuir sí ceist air a bhfuair sé amach é. Dubhairt sé nac bhfuair. Rinne sí cú do annsin agus bhí sé ag siúbhal fríd na cnuic gur thóg sé trí coilean. Thainig sé chuicí arais agus chuir sí an ceist ceadna air agus tugadh an freagar ceadna dí.
Rinne sí cailín do annsin agus bhí sé ag imtheacht fríd an chaillidh go dtainig fear uasal thart lá amháin agus thug leis í agus bhí sí ag an fhear uasal gur thóg sí truir mac. Bhí sí amuigh ag siúbhal oidhche amháin agus bhí dha préachan dubha ar bharr na mbeann. Sgairt ceann amháin aca leithi an bhfuair sí an freagar agus dubhairt sise nach bhfuair. D’innis an préachan dithe annsin goidén míniú a bhí le [Mé]? Sgéalaidheacht :- “Beannacht fhághail duit féin agus do do caírdibh an lá a gheobhas tú bás”. Annsin thainig sé chuig an leas-mhathair arais agus d’fhiafraigh sí do an bhfuair sé an freagar agus dubhairt sé go bhfuair. D’innis sé dithe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Ucht Mín, Co. Dhún na nGall