Scoil: Mín an Tóiteáin
- Suíomh:
- Mín an Tóiteáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Conall Mac Cuinneagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá tóbar [beannuite] beannuigh ar an Dubhcharraidh ata ceiméal cruthughamhail. Do réir an seancas a fuair mé o na sean daoine nil sé í bfád ó tharlaidh séo uilig. Bhí bean na comhnuiudhe comhgarac do’n Dubhcorraidh agus bhí paiste aicí agus ba chuma caidé a dheanfadh sí leis ní rabh siad abaltá é a fhaghail leaghast no bhí an droch aicid air bhí sé briste amach ó bhún go barr a chorp agus an t-am sin ní rabh na doctuirí comh fairsingh agus tá anois. Lá amháin bhí sí ag imteacht agus an paisté leithe chuig doctúir éile agus gíota o’n chross-bhealach ar bhealac Ghleann Domhain tháinig fear béag ribeach ruadh romhpaí agus d’iarr orthaí an paiste a thabhairt leithe agus é á nighe lé uisge as an tobar agus go bfuigheadh an gasur biseach d’íarr sé orthai dochas a bheith aicí ann no go rabh sé beannuighthe. D’imthigh sí suas thóg an t-uisge agus choiméal dé choirp an leinibh agus dubhairt na paidreacha a d’iarr an fear uirthí chuaidh sí na bháile annsin agus i gcionn tamhaill fuair an paiste biseach.
Seo sgéal éile fíor fa’n tobar seo.
Bhí cailín as tharth fa’n Dubcharraidh ar fastach í gcondaé Thír Éoghain agus d’éirig sí bodhar agus ní rabh sí abalta a dhath a chluinstín chuir sí sgéal ag a mathair an turas a dheánamh duithe agus buidéal de’n uisghe a chuir aicí rinn a mathair an turas duithe agus chuir sí buidéal de’n uisge chuicí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghan Mach Cealbhaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Brocacha, Co. Dhún na nGall