Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 10
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Bhí fear ann fad ó shoin a bhí in na chomhnuidhe in Oileán na Cruite i Dtír Chonaill. Bhí sé amuigh oidhche Shamhna agus tháinig na daoine beaga air agus thug ar siubhail é. Bhí cailín acu le tabhairt ar siubhal in áit a raibh rinne ag dul ar aghaidh i gConnachta agus ní thiocfadh leo i a fhudughadh gan duine saoghaltach a bheith leobhtha.
Thug siad beathach dó agus d’imthig siad leo go dtí teach a’ rinnce. Cuaidh an fear isteach agus d’iarr sé an cailín fá choinne cúrsa damhsa. Cá rabh i bhfad gur thuit an cáilín i laige agus fuair sí bás mar shil siad-san. Stap an rinnce agus bhí achan dhuine fá bhrón mhór fá bhás an cháilín. Phill siad ar Thír Chonaill go dtí Oileán na Cruite. Bhí an cailín le fear acu ar a chúil agus í ag sgreadaigh as ag caoineadh rith an chasa’n.
Nuair a tháinig siad fhad le tráigh na Cruite, d’iarr fear na chruite an cailín a thabhairt dó-san anois agus go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Treasa Mc a Bhaird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac a Bhaird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall