Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 17
- XML “Comharthaí Aimsire”
- XML “An Cruatan i bhfad ó shin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Má bhíonn tráthnóna ciúin ann agus na mioltogaí amuigh go tiuth, sin comhartha go bhfuil an fhearrthainn ag teacht.
Má bhíonn droc dhath ar an fhairrge agus é cineál garbh, sin comhartha go bfuil an ghaoth mór ag teacht.
Má bíonn seideadh anuas ann, sin comhartha go bhfuil an doineann ag teacht.
Ma bhíonn teas mór san teinidh, sin comhartha go bhfuil an doineann ag teacht.
Má bhíonn na geacha fiadhna ag eiteail isteach o’n fhairrge go dtí an talamh, sin comhartha go bhfuil an gaoth mhór ag teacht, agus má imthigheann siad amach go dtí an fhairrge, sin comhartha go bhfuil an aimsear mhaith ag teacht.
Má bhíonn an spéar dearg ins an taobh thoir, sin comhartha gaoithe móire agus má bíonn sé dearg ins an taobh thiar, sin comhartha go bhfuil aimsear mhaith ag teacht.
Ma bhíonn na h-ealaigh ag eiteall thart ins an spéir agus ag sgreadaigh, sin comhartha go bhfuil an ghaot mór ag teacht.
Ma bhíonn sé ag cur fearthanna agus na cearca fanacht amuigh, sin comhartha nach mbéidh tuireadh ann go dtí an oidhche agus má imthigheann siad isteach sin comhartha go mbéidh tuireadh ann. - An Cruadtán i bhfad ó shoin.
Nuair a bhí an cruadtán ann i bfad ó shoin ba ghnatach leis na fir a dhul go h-Albain i mí Meitheamh agus bhíodh siad ar shiubhal go ndéanfadh siad an Foghmhar. Thigeadh siad annsin agus ní bhíodh leobhtha ach punnta ar shon an t-seisiúir. Bhí aon am(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall