School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 100
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aige. Chuir sé ceist ar an gasúr an dtabharfaidh sé an bó dó ar an chloch. Bhí an gasúr tuirseach de’n bhó agus dubhairt sé go dtabhairfeadh. Tug an gasúr leis an chloc agus dfág sé an fear agus an bhó annsin agus ní rabh fhios aige goidé déirigh daobhta. Nuair a bhí sé i dheas d’en baile déirigh sé tuirseach agus shuidh sé ag taobh tobair agus thuit an chloc isteach san tobair. Tháinig sé na bhaile gan dath ar bhith leis agus bhí sé go bocht agus bhí ariamh.
- Sgéal.
Bhí beirt dearbhrathar ann aon uair amáin. Bhí fear acu iontach saidhbhear agus (agus) an fear eile iontach bocht. Bhí sé féin agus a cuid paisdí iongantach reamhar. Ní rabh fhios ag an fear bocht caidé a bhí ag deanadh an muinntear eile comh saidhbhear agus comh reamhar agus bhí siad. An fear a bhí iontach saidhbfear bhí sé na chomhnuidhe i dteach do féin agus an fear a bhí bocht bhí sé féin agus a mhathair na gcomhnuidhe i gcuideachta a chéile. Fear a bhí (iongantach) cruach coirce aige le bualadh. Ní rabh ait air bith aige leis an chruach a chuir ach isteach un toighe. Bhí an teach beag go leor mar bhí sé agus gan a dhath a bheith istoigh ann(continues on next page)- Collector
- Róise Nic Aodha
- Gender
- Female