Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 79
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.
Bhí bean thoir i nGaoth Dobhar am amháin agus bhí sí amuigh ag buachailleacht tráthnóna amháin agus thuit sí na codhladh. Tháinig an oidhche agus nuair nach dtháinig sí abhaile cuaidh a cuid daoine muinnteardha amach a cuartughadh. Ní bhfuair siad í go dtí maidín lá thar na bharach ar taobh eile de loch eiginteacht atá thall annsin agus bhí a bheal casta. Deirtear gurbh iad na daoine beaga a thug ar siubhal í. Ta a bheal casta o’n lá sin go dtí an lá indiu.- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Grainne Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 38
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Sgéal
Éadar an da Ghaduidhe
Mac baintreabhaige a bhí ann agus ní rabh aige acht a mháthair Thog sí anios é go curamach o laige go neart go dtí gur fhág sí é sa dóigh a rabh sé abalta bheit ag saothrughadh. Ins an am ní rabh mórán oibre le fághail fa’n áit seo agus rinne sé suas a intinn go rachadh sé ‘un Oilean Úir. D’fág sé slán ag a mhathair agus bhain sé an siubhal amach. Ar an taobh eile de’n uisge imeasg na gcoimhtightheach chuaidh mo dhuine bhocht a’obair.(leanann ar an chéad leathanach eile)