Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ní ghiobhadh na daoine a bhricféasta nuair a d'eireóchadh siad. Rachadh siad amach ag obair agus nuair a bhéadh siad ag obair ar feadh cupla uair geobhfadh siad a mbricféasta. Leite déanta as min-bhuidhe a bhíodh acu agus uaireannta bhíodh bainne géar acu leis. Bhíodh fataí ag cuid de na daoine ag an mbricféasta agus nuair a bhíodh na páistí ag dul ar sgoil. B'éigean dóibh éirighe go moch ar maidin agus na fataí a bhruith. Bainne [gíar?] agus gráinne salainn a bhíodh acu ins na fataí. Nuair a bhéadh aoinne ag dul go Sasana annsin [thiubhradh?] sé cáca leis. Ní raibh acht píosa beag talmhan ag gach duine agus dá bharr sin ní raibh mórán bainne ag na beithidhigh. Ní bhíodh aon [feól?] nó [tarach?]. Bhí ceorca ag gach duine. Geibheadh cuile duine sa teach uibheacha Dómhnach Cásga. Bhéadh píosa bagún acu i gcóir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ging
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Ging
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo