Scoil: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (uimhir rolla 13469)
- Suíomh:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Seóighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Glantar an t-sráid annsin 7 cuirtear...”
Glantar an t-sráid annsin agus cuirtear deis air. Annsin bíonn an teach réid i gcomhair na Nodlag. An tráthnóna roimh la Nodlag bíonn fáilte ag cách roimh Fear a' Phuist mar beireann sé litreacha; beartanna, cártaí Nodlag agus breabanna airgid. Croctar na Cártaí ar na ballaibh agus seo píosaí beaga a bhíonns sgríobhtha air; "Failte", "Nodlaig mhaith duit"; agus "beannachta."
Bíonn béile maith ag gach duine an Oidhche roimh lá Nodlag agus bíonn crúibíní, géadhanna, turcaí, uisge beatha agus builíní. Bíonn an rud céadhna acú ag am dinnéir lá Nodlag. Bíonn árd spórt ag an aos óg tar éis am dinnéir an lá sin ag breathnú ar na mionn-rudaí a fuair siad ó San Nioclás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mhaigh Eo