School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Location:
- Newport, Co. Mayo
- Teacher: An tSr Padraig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Burghus Umhaill ainm na barúntachta na bhfuil Bhaile Uí Fhiacháin suidhte. Burghus Umhaill ! mór an t-ainm. Tá draoidheacht mealltach ag baint leis an bhfocal sin dá lucht comhnuidhthe - draoidheacht a mheallas iad idir óg is aosta ar bhothar an t-seanchuis. Ar chloisint an fhocail sin dóibh, gluaisid ar ais bóithrín na céadta - ar ais ceithre nó cúig céad bliadhain go dtí an t-am a raibh Muinntear Uí Mháille faoi chumhacht agus faoi onóir i mBurghus Umhaill.
Shíolruigh Muinntear Uí Mháille ó righthe Chúige Chonnacht. Sul a leag an Normánach a chos ar thalamh ghlas na hEireann bhí stiall mór talmhan ar imeall fairrge thiar na dtonn dtréan 'na seilbh. Shín an talamh sin ó bhun Cruaiche Phádraig go h-oileán Acla. Baineadh mór-chuid den talamh seó uatha leis na Normánaigh - de Búrca agus de Buitléar. Níor fhan acu ach píosa thart timcheall Bhaile Uí Fhiacháin. Go dtí an lá atá indiú ann tá cúig nó sé líon tighe thart timcheall an bhaile a deireas gur síol Uí Mháille iad. Daoine móra sár-láidre deagh-cumtha seadh iad. go léir. Cúis maoidhte dóibh a geinealach. Ó fhear dhíobh a chomhnuidheas faoi sgáile fotharaigh na sean mhainistreach i mBhurghus Umhaill a fuair an píosa seó thíos. Ó na thuismightheóirí a chuala seisean é agus na ghásúr. Fear meadhon aosta atá ann faoi lathair.
Ní haon dochar suidheamh na mainistreach do léiriú annseó mar is amhlaidh is abaidhe ár meas ar sgéal ach pictiúir de shuidheamh an sgéil sin bheith os comhair súl ár n-inntine. Briseann tonntracha móra cinn-bhána na fairrge faoi bhun na mballaí beagnach. Ag dearcadh air ní féidir gan cuimhniú ar Tigh Molaga -(continues on next page)