School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Location:
- Newport, Co. Mayo
- Teacher: An tSr Padraig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tobar Naoimh Bháirbre
17.6.1934Ó Seóirse Ó Máille, Burghus Umhaill Baile Uí Fhiacháin, Co Mhuigheó a fuaras é seo. Feilméar meadhon aosta atá ann, a tógadh in a áit dhuthchais ó rugadh é. Ó na thuismightheóirí a chuala sé é agus é na ghasúr.Bhí cailín óg na comhnuidhe in aice an clochair i mBurghus Umhaill uair amháin. Bairbre a b'ainm dí. Deagh-chailín craibhtheach abhí innti gan meas aici ar shaidhbhreas ná ar rudaí mealltacha an t-saoghail seó. Bhí a croidhe bunuighthe ar Dhia is bé mian a croidhe caille na mna riaghalta do chaitheamh i gclochar Bhurguis Umhaill. Cailín dathamhail a bhí innti freisin. Lá amháin casadh dream saigdiúirí Sasanaigh uirthi. Thuit an caiptín i ngradh leithe ar an bpoinnte, agus d'fhan indiaidh na bhfear eile le na bhladar do chur uirthi. Thug sé na seacht mionn nach n-imtheochadh sé uaithi, go mbéadh sí sásta imtheacht mr bhean leis. Chuir an chainnt sin Bairbre go mór tré na céile, ach chuimhnigh sí ar sheift. Cheistnigh sí é agus fuair amach uaidh gurbh a súile áilne a mheall é. Ar an bpoinnte phioc sí amach a súile as a ceann. Chuir an gniomh faithchios is scannradh a anma ar an gcaiptín is rith sé uaithi chomh mear is bhí na chosa. Bhí luachra ag fás go tiugh san áit sin is chrom sí síos is tharraing sí(continues on next page)- Informant
- Seóirse Ó Máille
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Burrishoole, Co. Mayo