School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin

Location:
Newport, Co. Mayo
Teacher:
An tSr Padraig
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0088, Page 013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
  2. XML Page 013
  3. XML “Beirt Bhan Rialta Eile as Burgus Umhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cailín óg as Doire an tSagairt, Baile Uí Fhiacáin Co Mhuigheó a fuair an sgéal seo dom. Sean daoine an bhaile a d'innis an sgéal dí. Tá sí na comhnuidhe in aice leis an loch a luadhtar san sgéal agus dhá bharr sin is amhlaidh is aice atá an leagan ceart.
    Loch fiach ainm an locha a bhfuil baint aige leis an sgéal. Ag gobadh aníos as lár an locha tá oileán beag. Is glaise féar an oileán seo ná an pháirc is saidhbhre san gceanntar, ach sé an rud is aistighe nach dtréigeann an ghlaise sin an t-oileán i lár an gheimhridh féin. Tá crainnte móra ag fás ann, agus faoi 'na sgath tá tobar beannuighthe.
    Suim bliadhanta ó shoin bhí adhmad ag teastáil go géar ó fhear abhí na comhnuidhe in aice leis an loch. Chaith sé súil sainnteach ar chrainnte an oileáin, ach bhagair muinntear na h-áite air gan bacadh leó. Níor thug sé ach an chluas bodhar dóibh, agus lá amháin chuaidh sé féin agus fear eile isteach ar an oileán, ar thóir an adhmaid. Ghearradar crann abhí os cionn an tobair bheannuighthe, agus thugadar leo chuig an mbád é. Ní túisge mhothuigh an (t-uisge) (loch) meadhchaint an chrainn air, ná d'éirigh an t-uisge go feargach shéid an ghaoth go h-uadhbhasach agus bhí na fir i mbaoghal a mbáidhte. Bhuail scannradh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish