School: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
- Location:
- Newport, Co. Mayo
- Teacher: An tSr Padraig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí manach ar a theitheadh ó shaighdiúirí Chromaill uair.”
19.6.34
Ón bhfear céadna Seóirse Ó Máille an píosa seoBhí manach ar a theitheadh ó saighdiúirí Chromaill uair. Rugadh air ar bharr an chnuic sin agus dícheannadh é. An áit ar thuit an ceann sgáird sruthán aníos. Bé sin tús an tobair. Tugtar tobar an mhiana air uaireannta. Má theastuigheann aon rud go géar ó dhuine téigheann sé agus déanann sé turas an tobair. Annsin más é toil Dé, gheibheann sé mian a chroidhe. Má gheibheann tugtar comhartha dó roimh imtheacht dó. Má chromann sé anuas os cionn an tobair chífidh sé breac ag éirghe aníos tríd an uisge, nó uaireann chíonn sé súileóga uisge ag éirge.
Má tugtar braon den uisge agus má den chaonach abhaile tiocfaidh an líon tighe agus a gcúram slán ó gach anachain, go mór mhór tóirneach, stoirm agus tóiteán an bhliadhain sin.
Suim bliadhanta ó shoin thug fir óga iarracht ar dochar do dhéanamh don tobar. Níor éirigh leo, ach is amhlaidh a thosnuigheadar ag argóint agus ag troid le na chéile. Gortuigheadh go mór iad, agus tugadh ar ospidéal iad.
Chun turas do dhéanamh deirtear seacht uaire Ár n-Athair, Sé do Bheatha, agus Glóir do Athair, agus tú ag siubhal go mall na cearcall thart timcheall an tobair. Annsin téigheann síos ar lamhacán chuig an uisge, agus abair Sé do Bheatha (trí uaire) iompuigh thart, trí uaire agus gearr comhartha na croise ort féin trí uaire, ól trí bhaslach an uisge.- Informant
- Seóirse Ó Máille
- Gender
- Male
- Address
- Burrishoole, Co. Mayo