Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin

Suíomh:
Newport, Co. Mayo
Múinteoir:
An tSr Padraig
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0088, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile Fhiacháin
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Tobar Naomh Báirbre”
  4. XML “Tobar Naomh Doiminic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    suas mám díobh. Ar an bpoinnte scáird sruthán uisge aníos as an áit sin go díreach ar a h-aghaidh, is leigheasuigheadh ar an móiméad ceanda í. agus bhronn Dia radhairc a súl uirthi aith-uair. Ó shoin i leith tá tobar le faghail san áit sin. Tobar beannuighthe atá ann is téigheann na céadta daoine ann chun leighis d'fhaghail do thinneas súl.
    Fuaras a sgéal céadna ó fhear eile is ní hé an leagan céadna amach is amach abhí aige air. Deir seisean gur do bhean riaghalta a thárla sé. Níor labhruigheadh ar luachra chor ar bith, ach deir sé gur san áit a thuit na súile ar an talamh a sgáird an sruthán aníos. Níor bhronnadh radhairc a súl uirthi ath-uair de réir an fhir seo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tobar Naoimh Dhoiminic
    Timcheall ceathramha míle ar an taoibh thoir ó dheas den shean-mhainistear Burghus Umhaill seadh tá an tobar seo suidhte. Tá sé ar bharr cnuic áird - áit aisteach do thobar dóirthea. Tá sé an doimhin agus tá an chuid is mó dá bhéal clúduighthe le leacracha. Ní thréigeann a chuid uisge é, dhá thruime é an Samhradh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge