School: Páirc na Cille (roll number 13700)

Location:
Boherhallagh, Co. Mayo
Teacher:
P. Ó Tóláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0124, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Páirc na Cille
  2. XML Page 288
  3. XML “Doineann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an dara lá déag de mhí na Shamhna naoi déag tríocha sé d'fhulang muinntir na h-áite seo a lán. Bhí an seachtmhain roimhe sin go h-an mharbh. Bhí fhios ag na daoine go dtiocfaidh rud éigin as an dteas úd. Ar a cúig a chlog 'seadh thosuigh an gála. An fearthainn a tháinic ar dtúis. Thosnuigh an tóírneach agus teintreach agus an fearthainn in a dhiaidh sin arís. Lenadh de sin go dtí a h-aon déag san oidhche. Bhí an abha agus gach srúháin ag cur thar maoil. Chuaidh an t-uisge isteach ins na tíghthí. Fuairead rudaí ó'n na tíghthí caithte ar thaobh na sruthan in a diaidh sin.
    Nuair a thárla Oidhche na Gaoithe Móíre bhí an ghaoth go h-an gharbh thart annseo. Baineadh an gheit as muinntir na h-áite. Baineadh an díon beag tuighe ón a dtighthí agus tháínig an fhearthainn trom anuas in a mullach. Líonadh an teach le h-uisge
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. severe weather (~1,727)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Éinrí
    Gender
    Female
    Informant
    Cáit Ní Rudaí
    Gender
    Female
    Address
    Larganmore, Co. Mayo