Scoil: Glenamoy (uimhir rolla 13882)
- Suíomh:
- Gleann na Muaidhe, Co. Mayo
- Múinteoir: Séamus Ó Beoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glenamoy
- XML Leathanach 313
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil ciste óir í bhfolach taobh thios de theach Aindris Mhaoldhomhnaigh faoi bhun chrainn. Thimcheall's dhá scór bliadhain ó shoin bhí triúr fear taobh istigh de Bhéal an Mhuirthidh ag brionglóid faoí agus tháinig sé chuca sa mbrionglóid go raibh ciste óir í bhfolach faoi crann áirithe faoi bhruach na h-aibhne í dtalamh Aindris Mhaoldhomhnaigh í Spada í nGleann-na Múidhe agus bhí sé ráidhte sa mbrionglóid go dtiocfadh báiseóir d'ar bhainm Tomás ó h-Éilghe Bun Aibhne agus nach námhaid dóibh é, agus dá n-imhtheochadh? síad chun bealaigh nach mbeadh aon mhaith ann. Tháinig síad an cheathramhad oidhche agus thoisigh siad ag cartadh agus preabh a cartuigheadh siad bhí cósamhail le ualach capaill, agus bhí torann air mar airgead dhá ruasgadh agat agus nuair bhí sé beagnach fáighte aca, tháinig Tommy an bhealac agus dimthigh síad agus d'fág síad an chiste mar bhí sé. Nuair a tháinig síad ar ais arís bhí an poll mar bhí sé í dtosach. Béigin dóibh a dhul abhaile trom tuirseach brónach in éis na h-oidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Gearraidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearraidh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mayo