Scoil: Glenamoy (uimhir rolla 13882)

Suíomh:
Gleann na Muaidhe, Co. Mayo
Múinteoir:
Séamus Ó Beoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 323

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 323

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Glenamoy
  2. XML Leathanach 323
  3. XML “Páidín Bán Ó Cormaic”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó! Páidín Bán O'Cormaic.
    Is tú a d'fhágaí mé faoi bhrón,
    D'imthigh tú uaim thar fairrge,
    Agus ní fillfid tú go deo.
    Guidhim-se na h-aingle
    Na h-Asboil is na naoimh.
    Le Dia d sheoladh abhaile,
    Is tá cúmhaidh orm' do dhiaidh.
    *
    Tá an ghealach ar na spéarthaibh,
    Agus na realta ulig faoi smúid,
    Níor chualas ceileabhair éinín,
    Ná cuac lá Bealtaine nua,
    Ó D'imthigh bláth na gcraobh
    A d'fhág na céadta i ngalra dubh,
    Muna dtiocfaidh tú agus m'éileamh
    Eagfaidh mé le cumhaidh.
    *
    Dá mbeitheá ar na sléibte bána,
    Go ndéanfadh muid gáire leat is greann,
    No in aice le teach d'athara
    An áit bá ghnáthach linn thú bheith bheith ann.
    Buidéal de fhíon Spaineac againn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Gearraidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mayo
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Gearraidh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Droichead Ghleann na Muaidhe, Co. Mayo