Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 581
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Grinn
“Bhí Séamín Donn ar aimsear ag Mac Guidhir i mBárr-na-Trágha uair ámhain.”
Sgéal Grinn
Bhí Séamín Donn ar aimsear ag Muc Guidhir i mBárr-na-Trágha uair ámhain. Ba fear gan mórán céille a bhí ann. Lá aonaigh nuair a chuaidh a mháighistir go dtí an baile mór dubhairt sé le Séamín gan cearc ná gé ná aon éan eile a leigean isteach sa gcoirce ná san móinfhéar go bpilleadh sé. Bhí Séamín amuigh i n-áirdeall na coruigheachta agus taréis tamaill chualaidh sé traghna istigh san bhféar. Bhuail sé isteach tríd an bhféar agus thug iarraidh ar ruaig a chur ar an éan acht sháruigh air. Taréis cúpla uair a chluig ní raibh blas de'n móinfhéar nach raibh trampáilte aige agus dár ndóigh nuair tháinig a mháighistir abhaile níorbh é a bheannacht a thug sé de Shéamín.- Bailitheoir
- Máire Iósephín Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Nuadhain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tInbhear, Co. Mayo