School: Inbhear (roll number 12568)

Location:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Tomás Mac Gearbhuigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 697

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 697

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inbhear
  2. XML Page 697
  3. XML “Scéal - Badán an Bhoilg Riabhaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Badán an Bhuilg Riabhaigh
    Bhí rí ann fadó agus bhí beirt mac aige ag an aimsir sin bhíodh sean-fhear agus sean-bhean cearc ag na righte ag thabhairt aire de na h-éanlaith agus ag tabhairt bídh dóibh agus bhí páiste diomhaoineach dhá thógáil acu ar bh'ainm dó Badáin na Builg Riabhaigh. Lá amháin bhí an righ ag siúbhalóid thart dhó fhéin ar bhord cladaigh ag déanamh a ghoile agus chonnaic sé corachán beag ag tarraingt air a raibh stiúradh céad duine air agus ní raibh ann acht duine amháin agus thainig sé isteach go dtí an cladach agus ní dhearna sé ach siúbhal suas ag an rí agus é bhualadh le dorn sa mbéal agus bhain sé fiacal as. Thuit an fiacal ar an talamh agus thóig an fear é agus chuaidh sé amach in a chorachán arís agus d'imtigh sé. Chuaidh an rí abhaile agus chuaidh sé isteach in-a sheomra agus níor labhair sé focal ar feadh seacht mbliadhain le aoinne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Muiltheach
    Gender
    Female
    Address
    Gort Meille, Co. Mhaigh Eo