Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 588

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 588

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 588
  3. XML “Paidreacha - Tar Éis an Phaidrín Pháirtigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidreacha
    Tar éis an Phaidrín Páirteach:
    Sábháil a Dhia le impidhe na Maighdine Muire Mháthair bunú an tighe seo ó chuile thromangar agus ó chealg an diabhail. Go ndeanaidh do Naomh Aingeal beannuighthe árus againn ár gcosaint ó chealg an diabhail. Go gcómhnaidhe beannacht Dé go siorruidhe linn tré mo Thighearna agus mo Shlánuightheóir Íosa Críost ár dTighearna. Ámén. Aingeal Dé a bhíos dhár goimhriocht ná sgar linn, soilsigh linn agus cuidigh linn anois agus ar uair ár mbáis ámén.
    A Naomh Phátrún Naomtha guidh Dia ar ár son, sábháil sinn a Dhia in ár ndúiseacht agus cumhduigh sinn in ár gcodladh ionnus go ndúiseóchaimíd i bhfochar Chríost agus go
    n-athróchaidh muid ár scéib. Ámén.
    Smaoinimíd anois gur cóir dúinn bás fágháil agus a theacht i láthair Cathaoir bhreitheamhnais. A Dhia táimíd sásta ar an nóiméad seo ar an cineál báis is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Corcoráin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dún Ceartáin nó Gleann an Ghad, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Aindreas Ó Deagánaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gort Breac Thuaidh, Co. Mhaigh Eo