Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)

Suíomh:
An tInbhear, Co. Mayo
Múinteoir:
Tomás Mac Gearbhuigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 622

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0130, Leathanach 622

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inbhear
  2. XML Leathanach 622
  3. XML “Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Caitheamh aimsire
    Ceapadh éanacha le solus:
    Téighimh amach oidhche dhorcha le laindéir go an cladach agus eiteallann na h-éineacha go dtí an solus. Ceapaim iad agus fliuchaimh na sgiatháin. Annsin leigim isteach i dteach éigin aon cheann a cheapaim agus go minic briseann siad simléar lampa.
    Ceapadh bric le mála.
    Fuaghálaim cúpla mála i gcuideachta agus ansin téighim féin agus cúpla buachaill eile go dtí an abhainn agus tarrnuigheannmuid an mála i-n aghaidh an tsrotha. Má fheiceannmuid aon bhreac ag dul isteach ann tógann muid an breac.
    Ag ceapadh faoilóg le dubhán:
    Nuair a cheapann m'athair morlais cuirim na putóga ar dhubhán agus fágaim i n-aice an chladaigh iad agus is minic acheapaim faoileóg mar sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Aindrias
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gort Breac Thuaidh, Co. Mayo