Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 642
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)18. Ní cuimhe do dhuine bheith bocht acht is
cuimhe do dhuine bheith truaighéalaigh.
19. Is maith an rud cómhairle do scuach.
20. Tá stór mór i gCónra Chríosta.
21. Síleann bradóg na gcuach, gur bradach é an
sluagh nuair is bradach í fhéin.
22. Na leig cuid na hoidhche in a lae, acht leig cuid
den lae ina hoidhche.
23. Uair ná am ní fhanann le aoinne.
24. Bróga sa gcliabhán agus spága sa lóbán.
25. Is minic a chuir gunna folamh faitchíos ar bheirt.
26. Dá bhfuightheá Éire ba mhian leat Albain
d'fhagháil .
27. Is beag an rud is buaine ná an duine.
28. Dearbhratháir gon stocán an blocán.
29. Íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus
íocfaidh Dia an fear deiridh.
30. Níor mhill Dia dhá teach leis an bpéire.- Bailitheoir
- Cáit Ní Nuadhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gortmore, Co. Mayo