School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 171
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- OIDHCHE SHAMHNA
Creideann na sean daoine go mbíonn gach sídheóg agus gach taidhbhse amuigh an oidhche sin. Déanann siad dochar do gach sméur atá fágtha ar na crainn, agus ní ithtear aon sméur ó'n lá sin amach. Creideann siad freisin go dtugann muintear an tighe a fuair bás roimhe sin cuairt ar an teac oidhche Shamhna. Mar gheall ar sin cuireann na daoine i dtaisge pláta brúitíní agus im agus cabáiste le na n-aghaidh. Ní ceart uisge salach a chaiteamh amach ná uisge glan a thabhairt isteach tar-éis dul faoi na gréine go dtí maidin lár na bharach. Déantar fíon do'n uisge ar fad an oidhche sin. Cuireann na sean daoine suim mhór ar an ngaoith freisin. Bíonn siad ag féachaint cé'n áird a shéideas an ghaoth uaidh. Deireann siad go shéidfidh sé o'n áird sin beagnach i gcomnaidhe. Imrigheann siad go leor cleasanna fresin. Bíonn siad ag leaghadh luaidhe. Crochann siad ubhall ó'n síneál. Bíonn gach duine ag iarriadh breith air le na bhéul. Bíonn cnócha 'ghá dhógadh againn freisin.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Fhlannaidhle
- Gender
- Female