School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I gceanntar na scoile ta tamall ó shoin do thárla rud greannmhar. Ní raibh ins na sean tighthe acht teine a fhadughadh cois balla agus an deatach a leigint amach tré poll sa díon. Bhíodh leabaidh cois balla thaobh amháin de'n teine. I n-áit an dorais bhíodh tuighe nó fraoch ann sa n-Geimreadh leis an bhfuacht a couinneál amach. Lá amháin bhí fear an tighe as baile agus nuaiur a thainig se abhaile chéard a chonnaic se istigh roimhe acht sionnach. Goiudeadh a raibh de chearca aige roimhe sin agus badh é a bharamhail gurab é an sionnach sina ghoid iad. Shíl se deireadh a chur leis an sionnach. Chuir sé a raibh de fraoch aige i n-áit an dorais agus sheas sé ag an doras ionnus nach mbéadh an sionnach ionnán a dhul amach. Bhí an sionnach ag machtnamh ar feadh tamaill bhig. Tharraing se amach an cuilt agus chuir se ar an teine é 's gearr go raibh sé 'na lasadh. Tharraing sé amach an pluid aguys chuir sé ar an(continues on next page)
- Collector
- Áine Ní Mhaolalaidhe
- Gender
- Female