School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar thuit an chréafóg isteach ann agus tá sé beagnach dúnta. Chonnaic sé cat fiadhain istigh ann. Deireann muintear na h-aite go bhuil an cat ag tabhairt aire de'n ór atá curtha i bhfolach ann. Bhí fathach saidhbhir 'na chomhnuidhe shuas annsin sa t-sean-aimsir agus chuir sé gach rud luathmhar a bhí aige i dtaisge istigh annsin. I n-aice an chillín tá cloch beag agus bíonn uisce ann gach lá sa mbhliadhain. Deir na daoine gur chodail Naomh Bríghid san áit agus go bhfuair sí uisge as an gcloich seo.
Baile ChaisilTugtar Baile Chaisil ar an áit i n-aice na cloiche. Bhí caisleán mór ag fathach sa t-sean aimsir ann. Níor fhéadas fhághail amach cé'n t-ainm a bhí air. D'éaluig a bhean le fathach eile a bhí 'na chómhnuidhe i nGleann Caisil agus mhair sí leis tamall. Annsin bháidh sé san abhainn í ar eagla go ndéanfadh sí an cleas céudna air féin. MUINCHINN an t-ainm a bhí uirthi agus tá a h-ainm ar an abhainn 'nar báitheadh í go dtí an lá indiu. Tá a h-ainm freisin ar baile fearann cois na h-abhann. Taoseann an abha seo Loch na Ceathramhan Móire- Collector
- Cáit Ní Mhurchadha
- Gender
- Female