School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Cuileann
- XML Page 214
- XML “Na Tiarnaí Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anois. Duine maith a bheadh e. Bhéarfaidh sé am do na tionóntaidhthe a gcíos a íoc. Níor chaith sí duine ar bith as a seilbh;
GLEANNCHULLINN UACHTARACHTighearna talmhan darbh ainm "Kirkwood" atá ar Gleanncuillinn Uachtarach le déanaighe.
MUINGINGÁNCarter agus Bingham an bheirt thighearna talman atá i Muingingán anois. Fuair Cartir agus Bingham an talamh ó Shane; Bhí beirt inghean ag Shane; Phós duine aca Carter a tháinig anall ó Sasana agus phos an inghean eile Bingham a shíolraidhe ó Sasanach eile; Roinn Shane a chuid talmhan mar spré ar an bheirt; tá bailte fearainn i nIorrus go dtí an lá indui a bhfuil ainmneacha na bhfear ortha mar Roi Carter agus Roi Bingham. Bhí Carter na dhroch-fhear ar dtús. Níor theaspain sé aon trócaire do na tionóntaidhthe. Ar aonach i mBeanchor caitheadh urchar leis. Níor marbhuigheadh é acht tá sé ar leath-chois o'n lá sin. Ar aonach eile 'na dhiaidh bhí fear as Dubhlocha ar meisge. Thosaigh sé ag maoidheamh go raibh fhios aige cé chaith an tighearna talmhan. Chuala na Póilíne agus an oidhche sin mharbhuigheadar é agus é a dhul isteach 'n-a leabaidh.(continues on next page)- Collector
- Heanraoí Ó Cearáin
- Gender
- Male