School: Gleann Cuileann (roll number 13331)
- Location:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Loinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is biseach thabhairt dithe ina sláinte
THug mé grádh béal ba bhinne é ná guth téad,
Do ghuidh mé Muire is í i bpéin an uair sin,
Ar darna grádh dhá taoibh ba gile é ná clumhach éan,
Is gach a bhfaca mé de'n aol buailte.
An tríomhadh grádh thug mé ní,l ó Fhlaitheas Dé.
Nídh ar bith a sgaoilfeadh, dar liom-sa
Mara bhfaghainn faill oidhche nó lae cead síneadh leithe,
Róise gheal tséimh inghean Annraoi.I leabaidh imirt' is ól, aiteas is spórt
Níl againn ann achth brón is éagcaoint,
Fanfamuid go fóil faoi thuirse is ag déanamh bróin,
A chuisle is a stóir nó go n-éirighidh.
Tá na boicht ag dul an ród gan misneach's ag déanamh
Ag sileadh na ndeór is ag géar-ghul,
A bhfuil d'airgead 's d'or is d'ionnmhus ar an domhan
A chuirfeas biseach, a thabhairt do Róise(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Mhurchadha
- Gender
- Female