School: Dubhloch
- Location:
- Dumha Locha, Co. Mayo
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhloch
- XML Page 546
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Tá balla amháin de theach i gCnoc a' Logha. Is cosamhail le fothrach mainistir é acht ní raibh ann ariamh acht an méid sin.”
(continued from previous page)an mballa agus chonnaic sé an Maigdhean Mhuire agus an leinbh Íosa in a bhaclan aice ag teact anuas ós cionn an Bal [?] agus chreid sé annsin gur áit maith a bhí ann agus bheannuigh sé é. Indiaidh sin thiocfadh daoine tinn agus shuidhfea siad annsin ar feadh na h-oidhche agus leighseadh iad. Triste a bhí ar Cnoc A' Logha an tráth sin act mar geall ar na sluaighte a thagadh ann gach blian tugadh Cnoc A' Logha air.
B'iongantach an áit é nó gur thárluigh gníomh salach ann agus in a dhiaidh sin níor leighseadh mórán. Oidhche amháin bhí slua ann agus in a measg bhí cailleac as Dub Thuama a bhíodh i gcómhnuidhe ar siubhail le droch-fhocla. Thosuigh sí leis na focla, salacha annsin chomh maith agus thuit cloch anuas ó bhárr an balla uirri agus gortuigh sé go mór í. Bhí daoine eile in a suidhe in-aice léi agus(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Loch na hOilí, Co. Mayo
- Informant
- Bean Seáin Bairéad
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Loch na hOilí, Co. Mayo