School: An Clochar, Crossmolina (roll number 14728)
- Location:
- Crossmolina, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Antoine
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Páidín, an Feilméara ó bhun Chnuc Néipin
Bhí fear ann uair amháin is dá mbeadh sé ann an uair sin, ní bheadh sé anois ann. Páidín a b'ainm dó. Ar chuma ar bith bhí sé na chomhnuidhe le na mnaoi ag bun Neipín Mhóir. Bhíodar an-bocht ar fad mar bhí na ba tar éis bás fhagháil agus bhí mío-ádh indiaidh an mí-ádha ag teacht ortha.Oidhche amháin chuaidh Páidín suas Néipín le na smaointe brónacha nuair a chasadh firín beag bídeach air a bhí chómh h-éadtrom le sop, agus arsa sé " Anois, a Pháidin, ná bí chomh brónach sin. Dein dearmad ar do chuid trioblóidí. Ar mhaith leat cluiche iománaidheachta a fheiceál? Tá Cúige Mumhan ag imirt in aghaidh Cúige Chonnacht ins an bpoll sin atá ar an dtaobh eile de Néipin. Tá macaire istigh ann agus tá siad ag imirt ann. Níor chreid Paidín é ar dtúis mar ó'n lá a bhí sé in don dul suas Néipin go dtí an lá a bhí ann ní fhaca(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chongamhna
- Gender
- Female
- Address
- Crossmolina, Co. Mayo
- Informant
- Miceál O Congamhna
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Béal an Mhuirthead, Co. Mayo