Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór (uimhir rolla 1710)

Suíomh:
Glengarra, Co. Waterford
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 223

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0636, Leathanach 223

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Garbh, Lios Mór
  2. XML Leathanach 223
  3. XML “An Leipreachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl an leipreacán ach timcheall trí orlaigh ar aoirde agus bíonn sé in a comhnuidhe fé 'fás na h-aon oidhche' agus bíonn sé ag déanamh breóig i gcomhnuidhe agus bíonn an bróg ar a glún agus bíonn casúr beag aige. Bíonn caipín dearg ar a ceann. Tá srón fada aige agus dhá iongna móra in a dhá cois. Bhí buachaill agus a cáirde in a suidhe cois teine oidhche agus bhíodar ag trácht ar an leipreachán. Dubhairt siad dá mbeirfeadh éinne air go dtabharfad é cróca óir dó. Bíonn sé ag obair in áit uaigneach oidhche spéir gealaighe. Bhí lios in aice na h-áite a raibh an buachaill ina comhnuidhe agus chuaidh sé ann oidhche spéir gealaighe, timcheall a deich a clog, mar ceap sé gurab é an t-am is fearr chun é a bhreith mar deirtear ná fhanann sé amuigh tar éis a dó déag a clog. Bhí an buachall ag siubhal timcheall an lios.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge