Scoil: Dún Ceann Fhaolaidh (uimhir rolla 15499)

Suíomh:
Dunkineely, Co. Donegal
Múinteoir:
Seaghan Mac Cuinneagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 335

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 335

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Ceann Fhaolaidh
  2. XML Leathanach 335
  3. XML “Comharthaí Aimsire a mBíodh Iomrá orthu roimhe seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siad fás ro luath cuir I geás ins an Mhárta “Tiocfaidh mulleadh ar sin”.
    Deirfeadh siad gur cómhartha doinnin deora a fheiceal ar toinn. Nuair a théidhfeadh siad a leithid deirfeadh siad “cuirfear si fin siúbal ionnta siad go foill”.
    Nuair a théidhfeadh siad loinnear ins na carraigeacha ar an cnoc déirfeadh siad gur sin cómhartha neart boglag. Deirfheadh siad nar mhaith leo ceo sean gealaigh a fheiceal ach gur mhaith leo ceo gealaigh úr a fheiceal.
    Da mbeadh lá fluich ann agus na cearca a theacht amach agus iad fhéin a fluicheadh deirfeadh siad nach ndeanadh sé turadh an lá sin. Da mbeadh lacain a sgairtigh os árd deirfeadh síad “a sgartaigh ar ghaoth atá siad”. Da bhfeiceadh siad na caoraigh ina luighe I gcnap amháin I lár a’ lae. Deirfeadh siad go mbeadh droch aimsear ann ina diaidh sin.
    Da mbeadh sneachta ann agus é imeacht gan casgairt measardha garbh deirfeadh siad go dtiocfadh sneachta arais an bhliadhain sin mar nach cuireadh ar siubhal go garbh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge