School: An Charraig (roll number 13946)

Location:
An Charraig, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Beirn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 500

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 500

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Charraig
  2. XML Page 500
  3. XML “Scéal - Fionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    réasón atá le sin?" arsa Fionn d'innis Fead Mhac Fead do dá gcuirfeadh sé a mhéar ina bhéal agus fead a dhéanamh go gcluinfidhe i gcéithre cóirnéal na h-Éirinn é. "Bhal" arsa Fionn "siubhal leat béidh tú a dhith go cruaidh orainn," siubhail siad léobhtha annsin agus ní fada gur casadh gasúr eile ortha. D'iarrfaidh sé fastódh ar Fionn agus d'iarrfaidh Fionn do c'ainm a bhí air agus dubhairt sé gur Slios Mhac Slios an t-ainm a bhí air. "Caidé'n brígh nó (s) réasón atá le sin?" arsa Fionn, "Bhal" arsa'n gasur da gcáithfheá cípín chugam dhéanfainn long comh mór de is tá ar an fhairrge. "Bhal," arsa Fionn "Béidh tú a dhith orm go cruaidh orm," siubhail siad léobhtha annsin gur casadh gasúr eile ortha d'iarrfhaidh sé fástód ar Fionn agus d'iarrfhaidh Fionn do c'ainm a bhí air agus dubhairt sé gur Neart Mhac Neart an t-ainm a bhí air. "Caidé'n Brígh nó réason atá le sin?" arsa Fionn "ta" arsa'n gasúr an long a dhéanfhádh Slios Mhac Slios go dtiocfhadh leisean a thabhairt leis faoi a n-ascaill agus é a fágáilt áit ar bith sa chuain a ba toil leis. "Bhal" arsa Fionn "béidh tú a dhith orm go cruaidh" agus siubhail siad léobhtha gur casadh gasúr eile ortha. D'iarrfaidh sé fastódh ar Fionn cosamhail leis an bunadh eile agus d'iarraidh Fionn do c'ainm a bhí air agus dubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    S. Ó Beirn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ua Mhaoldomhuaigh
    Gender
    Male
    Age
    55
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal