Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Donegal
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 035
- XML “Aráin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chéad rud a dheanfaidhe, bheirfidhe isteach cupla punann choirce, bhuailfidhe iad Churfidhe an coirce isteach in mála agus bheirfidhe amach leis an ghaoth é, agus cháithfidhe é. Annsin bheirfidhe isteach e, agus cuirfidhe isteach í bpota ar an teinidh é measgocaidhe thart é go dtí go dtiormeochfidhe go maith é, ag tabhairt aire ins an am cheadhna nach ndóighfidhe é. Nuair a bheadh sé tirim go maith, chuirfidhe ar an chriathar. (Bheadh criathar acu a dheanfaidhe de chroiceann chaorach, agus a pollfidhe le meanaidhe, go dtí go mbeadh sé in a criathar) Annsin bheadh sé in a mhin.
Bhí bró acu, sin dhá chloch, agus rotha a dtabhairt thart. Dhá fhear a gcásfadh beadh poill bheaga ann a leagfeadh an mhin fríd. Nuair a bheadh sí meilte, chuirfidhe ar chlar ar an tábla í, agus bheithfidhe a shuathfadh go mbeadh sé in a thuirtín borduighthe leath-orlach ar doimhne. Chuirfidhe ar an iarann aráin go mbruithfidhe é Dheanfhaidhe deireadh sé in aon lá amhain Tá áit ar an chnoc in nDoire Leach Connaill ar a dtugtar Póllan na Bróine Cionnus go rabh bró ann í bhfad ó shoin(leanann ar an chéad leathanach eile)