Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)
- Suíomh:
- Mín Beannaid, Co. Donegal
- Múinteoir: Séumas Ó Dómhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mínbeannaid
- XML Leathanach 116
- XML “Na Seanscoltacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)As an Cruit a thainig muintir Searcaig, as na h-Árdlannai, muintir Cráimhsigh, as lóchtar Tíre bunadhas an chuid eile.
Sul ar tógadh an cead acoil naisiúnta i Mínbeannaid (1-7-1875) téighead na daoine oga go Scoil Beul na Cruite
Is iomdha uair a cluinnin na sean daoine (go ndéanaidh an Ri A mhaith orra uilig) ag tracht ar na sean-mhúinteoirí a bhi ag gabhail sul ar cuireadh na scoltacha úra ar bun. An fear a ba mhó [?] agus cail - An Maighistir Joyce Strainnsear a bhi ann. Bíodh árus beag aige (bothog) fa druim an Chéididh ach ba ghráthach leis seachtmhain a chaitheamh ann gac aon teac a rabh paistí ann agus ins na tighthe a bhíodh an scoil ar siubhal aige. Bhíodh scoil aige go minic thíos i Mín an Gamhna tigh Shúgaidh Ni Dómhnaill. Ní féidir fin a fagail go dearbhta cén táille a bainfeadh sé amach ach deirtear gur scilling ar fead an tséasuin a dhíoladh gac scolaire. Deir bean liom gur cuimneach léithí fein a mháthair ag cainnt ar na leabhair Sequel no 1 agus Sequel no 2. Bhi moran de na scolairí a dfag sé na dhiaidh agus bhi [?] léigheamh scríobhad agus ríomhaireact a deanam go maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)