School: Mínbeannaid (roll number 16668)
- Location:
- Mín Beannaid, Co. Donegal
- Teacher: Séumas Ó Dómhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mínbeannaid
- XML Page 151
- XML “Na Rosa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sul ar leig me mo rámhai le srúth.Mé shíos i gConndae na Gaillimhe i dtrathaibh 1910. I bparroiste Cill Cróine i ndeas de Beál Átha Mógha (Ballymoe)
Dearbhadh sagart na parroiste sin gur b'ionann Naomh Croíne na Gaillimhe agus Naomh Cróine Thírconaill ach ní rabh an ceart aige - Seo mar bhí an sgeál aige sean. D'eirigh aighneas agus easaontas idir Naom Aisic (Asicus) i Síol Muireadhan no muinntir Ailfionn agus díbireadh an Naomh. D'fhág sé annsin na Connactaigh fiadhta, feargacha, agus thug sé aghaidh ar Thírconaill. Chuir faoi ar Sliabh Liag.Ar chluinnstin seo do Naomh Croíne, dhfáigh sise Cill Croíne (Kilcroan, Ballymoe) Lean Naomh Asicus agus rínne sí aitreabh dúithe féín ag Teampoll Croine, ceithre míle thaobh thiar de'n t-sráid-bhaile suarach An Clochan Liath.Na creidtear an sceál sin. Do réir beul-oideas Tírconaill, ba dé thréab Chonaill Gulban í agu ní rabh baint ar bith aicí le Connachtaibh.Aimhdeóin nach gcreidtear anois go rabh baint ag Naomh ar bith leis na(continues on next page)- Collector
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Múinteoir