School: Acres (roll number 10827)
- Location:
- Na hAcraí, Co. Donegal
- Teacher: Eilis Ní Dhomhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Acres
- XML Page 72
- XML “Leac Eanaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leac Éanaigh.
Tháinig Gráinne Ní Maille agus a cuid saighdúirí i dtír thíos i bPort uair amháin chun smaicht a chur ar na Baoghallaigh.
Bhí na Baoghallaigh thíos ag an cladach ag fuireacht ortha, acht nuair a chonnaic siad na Connachtaig teich na Baoghallaigh.
Bhí cásan deanta aca treasna Éanaigh a bhí ann, acht nuair a d’amarc na Connachtaigh iad a dul trasna lean lean siad Iad, agus chuaidh siad síos ins an abar.
Thuinntuigh na Báoghallaigh ortha, agus mharbh sé uilig iad, acht amháin, Connachtaigh mór a bhí ann agus ní rabh sé abalta é a mharhadh ar cor ar bith, már chuir sé a dhruim lé carraig a bhí comhgarach do’n Éanach.
Sa deireadh chuaidh fear de na Baoghallaigh suas ar an charraig agus chaith se cloch mhór síos ar mhullach a chinn agus mharbh sé é.
Thuit sé ar leic ag bun na carraihe agus d’éag sé uirthí.
Ó sin amach tugtar leac Éanaigh ar an bhaile sin.- Collector
- Máirgheadh Ní Cnáimhsighe
- Gender
- Female
- Address
- Cnoiceach Mór, Co. Donegal