School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Donegal
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 476

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 476

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 476
  3. XML “Iníon an Rí agus an Frog”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí inghean iongantach dóigheamhail ag rígh agus bainríoghain a mhair i nÉirinn lá de'n t-saoghal. Bhí páirc mhór taobh shíos de'n teach. Lá amháin bhí an cailín ag imirt liathróide anns an pháirc. Bhí poll mór uisce anns an pháirc agus thuit an liathróid isteach ann. Suidh an cailín síos ar an fhéar agus thoisigh sí a chaoineadh. Fá chionn tamaill chuir frog mhór aníos a ceann as faoi an uisce. Chuir sí ceist ar an cailín caidé bhí ag cur chaithte uirri. D'innis an cailín dithe go raibh sí ag imirt liathróide, gur thuit an liathróid i bpoll an uisce agus go muirbhfeadh a hathair í cionnas gur chaill sí an liathróid
    Dubhairt an frog leithe annsin:- "Má gheallann tú damh-sa go leigfidh tú damh ithe ann do chuideachta agus luighe ann do chuideachta bheirfidh mé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Grianna
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal
    Informant
    Síghle Ní Grianna
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Rann na Feirste, Co. Donegal